An Dhammapada - Nathanna an Bhuda: Eagran datheangach i bPailis agus i nGaeilge - Scott Oser - Libros - Evertype - 9781782012597 - 6 de diciembre de 2019
En caso de que portada y título no coincidan, el título será el correcto

An Dhammapada - Nathanna an Bhuda: Eagran datheangach i bPailis agus i nGaeilge

Precio
$ 24,49
sin IVA

Pedido desde almacén remoto

Entrega prevista 17 de jun. - 6 de jul.
Añadir a tu lista de deseos de iMusic

Tá an Dhammapada ar cheann de na téacsanna is cáiliúla sa Bhúdachas. Cnuasach véarsaí gonta atá ann, a chuireann síos ar bhunphrionsabail an Bhúdachais i stíl thaitneamhach shothuigthe. Ní hionann is a lán téacsanna Búdaíocha, a mbíonn féith na teibíochta agus na saindiamhrachta le brath iontu, úsáideann an Dhammapada meafair nithiúla ón ngnáthshaol chun friotal a chur ar theagasc an chreidimh. Cuirfidh cuideanna den téacs gaois sheanfhocail na Gaeilge i gcuimhne don léitheoir, nó b'fhéidir parabail na soiscéalta Críostaí. Ní nach ionadh, tá sé ar na saothair is mó a bhfuil gean an phobail Bhúdaíoch air.

Cad 'na thaobh gur thug mé faoi leagan Gaeilge a chur ar fáil den tsaothar seo? Spadhar éigin a bhuail mé, gan amhras, ach ní gan fáth. Cé nach Búdaí mé (agus ní ghéillim do gach aon tuairim atá le léamh sa Dhammapada), bhí suim agam riamh sna teagasca níos praiticiúla atá le fáil sa chreideamh--sin le rá, na modhanna praiticiúla atá ann chun dul i ngleic leis an saol. Cé gur il­ghnéi­theach ar fad an rud é an Búdachas, bíonn sé fréamhaithe sa tuiscint gur orainn féin a bhraitheann ár sonas. Níor shlán­aitheoir é an Búda, ach teagascóir. Sa lá atá inniu ann, ar lú ná riamh ár n-iontaoibh i reiligiúin thraidisiúnta an Iarthair, is cuí súil a chaitheamh soir ar chreideamh an-difriúil a bhfuil dearcadh eile aige ar an saol, agus féachaint cad atá le foghlaim uaidh.


182 pages

Medios de comunicación Libros     Paperback Book   (Libro con tapa blanda y lomo encolado)
Publicado 6 de diciembre de 2019
ISBN13 9781782012597
Editores Evertype
Páginas 182
Dimensiones 216 × 140 × 17 mm   ·   235 g
Lengua Irish  
Traductor Oser, Scott

Mere med samme udgiver